The following is a ghost story often told to me by my Aunt. It is set on the White Strand between Braade and Carrickfin adjacent to the runway at Donegal Airport, in bad times of hunger and fever, possibly in the early 1830s. This version was published by Nollaig Mac Congáil in Comhar. It was recorded by Aodh Ó Duibheanagh from Annie Bhán Nic Grianna from neighbouring Rann na Feirste in 1937. Here its entitled Scéal an Taibhse (The Ghost Story) but my Aunt always referred to it as Scéal Caithlín na gCrub (The Story of Cathleen of the hooves).

Bhí bean ina cónaí ar an Bhraghaid a dtugadh siad Caitlín Mhór uirthi, í féin agus ua beag dithe agus sin a raibh aici. Tháinig an bás ar an tachrán agus nuair a chonaic sí go raibh an tachran ag fáil bháis: “A leanbh”, ar sise, “nach dtiocfaidh tú chugam le hinse dom cad mar atá ar shiúl cosúil nuair a gheobhas tú bás?” “Tiocfaidh cinnte”, arsa an tachrán. Fuair an tachrán bocht bás agus cuireadh í. Agus cúpla oiche i ndiaidh a cur, seo isteach an tachrán ag Caitlín. Dúirt sí nach raibh faill aici fanacht i bhfad anocht. “Ach gabh sios ‘na tra”, adeir sí, “agus tiocfaidh mé chugat oíche ar bith a bhfuil dúil agat ann agus inseoidh mé duit cé leis a bhfuil ar shiúl cosúil”.

1-Airport 1963

Chuaigh Caitlín síos ‘na trá an oíche arna mharach agus tháinig an tachrán chuici.  Duine ar bith a bhí ina dhuine mhaith ar an tsaol seo agus a bhfacaras (sic) do Chaitlín go raibh sé iontach maith, chuir sí ceist cad é mar a bhí sé. Chroith an tachrán a ceann agus d’inis sí go raibh droch-dhóigh ar an duine sin. An té a bhí ina dhroch dhuine agus ina dhiabhal shaolta, shíl na daoine, bhí sé sin ins na Flaithis. D’éirigh an gháir amach fríd an áit go raibh an tachrán ag teacht chuig Caitlín Mhór ‘acha’n oíche agus ag inse an chomhrá a bhí uirthi. Bhí fear ar an bhaile a dtugadh siad Gilday air. Chroith ée a cheann. “Char dóiche liomsa”, ar seisean, “an Cháisc a bheith ar an Domhnach ná gurb é an seanbhoc atá ag teacht chuig Caitlín in áit an ua”. Chuala Caitlín seo agus steall sí ar mire. “Bhail, a Chaitlín, a chroí”, ar seisean, “ná glac fearg. Más í an ghirseach atá ag teacht, tá maith go leor. Ní raibh ormsa ach an eagla. ‘Bhfuil sí ag teacht anocht?” “Tá cinnte, mo leanbh”, arsa Caitlín. “Bhail, gabh síos anocht”, ar seisean, “agus gearr fáinne thart ins an trá le do bhata. Agus bíodh buidéal beag uisce choiscricthe leat. Croith an t-uisce coiscrithe thart ins an fháinne agus sáith an bata i lár an fhainne agus do chonóir Mhuire ar a bharr. Más í an leanbh atá ann tiocfaidh sí isteach ins an fháinne agus murab í, ní bheidh an diabhal ábalta a theacht isteach. Na bíodh eagla ar bith ort labhairt leis nó ní bheidh muidne i bhfad uait. Beidh muidne leat”. Chruinnigh an baile uilig den tsaol, iomlán mhuintir na Braghad síos agus d’fhan siad fá ghiota bheag de Chaitlín. Rinne Caitlín an fáinne ins an ghainimh; sháith sí an bata ina lár; fuair sí buidéal an uisce choiscricthe agus chroith sí thart fríd an fháinne é; d’fhág sí an chuid eile dó ina seasamh ag bun an bhata agus an chonóir Mhuire ar bharr an bhata. Níorbh fhada agus níor ghearr go dtáinig an tachrán fhad léithe. “An tú atá ann? ” ar sise. “Is mé”, arsa an tachrán. “Bhail, a leanbh”, ar sise, “gabh isteach anseo ins an fháinne”. Chuir sé fiche casadh agus camadh dó féin ach ní raibh sé ábalta a theacht isteach. “An tú a bíos ag teacht chugam ‘ach a’n oiche? ” adeir sí. “Is me”, adeir sé agus thug sé iarraidh imeacht ar shiúl. Scairt sí leis pilleadh. Phill. “An fírinne a bhí tfu a inse uilig domh”? “Dhá dtrian bréag”, ar seisean, “agus trian fírinne”. “Bhail anois”, ar sise, “le gan dochar a dhéanamh domhsa nó d’aon duine eile choíche, gabh síos go fíor-íochtar Ifrinn an áit nach bhfeiceann aon duine go bráth thú”. D’eirigh se in airde sa speir. “Dar a leora”, ar seisean, “bhearfaidh mise ar Gilday an ghalláin go mbeidh daor air”. Agus shuncáil sé amuigh ag an Torr  Ghlas ina chnap tine agus chonaic muintir na Braghad uilig sin.

Told in the language of Cathleen who lived in Braade.

Foinsí Béaloidis I Ngearrscéalta Sheosaimh Mhic Ghrianna
Author(s): Nollaig Mac Congáil
Source: Comhar, Iml. 37, Uimh 2 (Feb., 1978), pp.22-24

Edited by Jimmy Duffy December 2015

Advertisements