IMG_4294Slán, slán ag achan ard,achan cnocán, achan ghleann

Ó Loch an Iúir go Bun na mBeann, ón Mhullachdubh go Mín na Leice.

Rann na Feirste ‘san Charn Buí, Doire na Mainséar go Calchéim,

Cul a Choic is Mín na Craoibhe.

Slán, Slán aghaibh go léir.

Slan, slán ag achan sliabh, achan sruthrún, achan bheann,

Ó Anagaire suas an glean, Ailt an Eidhinn go Loch na nDeorán is,

Ó Croithlí siar go Braid, Mín Doire na Slua thuas go h-ard

Cnoc a Caochan sa taobh thiar.

Slán slán aghaibh go léir.

Slan, Slán ag achan tonn, achan oiléan, achan chuan

Ó Árainn Mhór go Inis Meáin,

Ón Chruit go hÍnis Óirthear, Inis Bó Finne, Inis Fraoich,

Oileán Ghabhla, Uaigh taobh amuigh, oileáin i bhfad siar,

Slan, Slán ag agaibh go léir.

Slan, Slán ag achan fhear agus slán ag achan bhean,

Achan stócach is cailín óg, achan pháiste beag is mór

Nó ní fheicfear sibh níos mó nó mó bhaile dhúchas féin

Tá deireadh leis an cheol

Slan, Slán agaibh go deo.

le Patrick Ó Domhnaill (Johnny Sheain) Beál na Cruite

Advertisements