Ó oíche is lá a smaoitim ar chuid sléibhte Dhún na nGall

An fraoch ag fás go líonmhar agus an t-éan ar bharr na mbeann,

Sé ar ball a bheidh mise ag seoladh tharr uisce gharbh dhomhain

Le feicél arís an tírín atá mílte fada uaim.

Insím díbh radharc aoibhinn a ba mhaith lion scríobh le peann,

s é sin ó Chnoc a Diarraigh go hard os cionn an Ghleann,

Is iomaidh tráthnóna samhraidh a chaith mé ar a bharr,

Ba dheas a d’amharc an Mhucais i bhfad sior os cionn Ghaoth Dobhair.

Is deas an áit sa tsamhradh go h-ard ar bharr an tsliabh,

Ag breathnú amach ar Thoraigh, ar Gola ‘s Inis Fraoich,

Ó sin go hUaigh ‘s Arainn Mór ar bhadaí dul faoi sheol

Tá sin ar radharc go h-aoibhinn is chonaic mé go fóill.

IMG_1403
A view from below Diarach Hill Annagry

Is cuimhneach lion na gleanntáin ‘s beidh siad liom go brath

Nuair a smaoitim ar mo óige ar an ard os cionn na trá,

Crónan caoin an bharra agus na héanacha ar gach crann

s mé mo shuí ar chnoc an Mhurlaigh ag amharc anonn ar Bhun na mBeann.

Ach insím díbh radharc eile agus briseann sé mo choí,

Sé sin ó Chnoc a’ Diarraigh ag amharc amach ar Inis Fraoich,

Ag coimhéad ar loing ag seoladh go tapaidh siar ó Uaigh

Tabhairt cailíní óga na héireann amach an Oileán úir.

Tá gleanntáin deas in éireann agus sléibhte tá go leor,

Agus coillte glasa fasta ag fás le taobh an ród,

Ach níl sé i dTír Chonaill níos aoibhinn nó níos fearr,

Ná an áit i lár an Ghleann sin bhfuil an cuileann glas ag fás.

Mar tógadh mé ar an ghleann seo – sé an áit is fearr liom ann,

Ach nuair a tháinig an Samhradh b’éigin damh a chaitheadh as mo cheann,

Mar bhí mé bocht i néirinn, d’fhág mise le na linn,

Gan súil le pilleadh arís go mbeadh an duilléir de na crainn.

D’fhág mise an baile i néirinn san bhlian naoí déag fíche trí,

Ba sin ag tús an tSamhraidh ar an seisiú lá den mhí,

Ach bhí mé óg as éirinn agus níor éirigh le mo shiúl

D’fhág sin mé fada ón tírín ar chaith mé tús mo shaoil.

An lá sin a d’fhág mé an baile is orm a bhí an chuaigh,

Da mbeadh mo phocaí follamh, sé chaitheann é a shiúl,

Ach bhí mé ar bord an oíche sin ag seoladh síos Moville,

Ba dheas a d’amharc Tír Chonaill isteach ó bharr na dtonn.

Ba dheas an tráthnóna samhraidh é ag fágáil dúinn an ché,

An ghrian ag soillsiú go glórmhar agus gan scamall ins an spéir,

Do chluinfeá an chuach ag scáirtí agus na héanacha ceol go binn

S mé ag fágail mo dhiaidh Tír Chonaill a raibh agam grá agus cionn.

Is anois ag críochnú an amhrán, tógam suas mo cheann,

Mo chroí lan den bhuaireadh agus mo shúile druid le cuaidh,

Ach beidh an lá ag geallú a mbeidh mise ar mo shaille,

Le cuairt a thabhairt ar an tírín ann ar chaith mé tús mo shaoil.

le Johnny Ó Dubhthaigh ©  

Advertisements